Cops welcomed with smoke bombs and flares Dublin Pride 19:57 Jul 14 0 comments Gemma O'Doherty: The speech you never heard. I wonder why? 05:28 Jan 15 0 comments A Decade of Evidence Demonstrates The Dramatic Failure Of Globalisation 15:39 Aug 23 1 comments Thatcher's " blind eye" to paedophilia 15:27 Mar 12 0 comments Total Revolution. A new philosophy for the 21st century. 15:55 Nov 17 0 comments more >>Blog Feeds
Anti-EmpireNorth Korea Increases Aid to Russia, Mos... Tue Nov 19, 2024 12:29 | Marko Marjanovi? Trump Assembles a War Cabinet Sat Nov 16, 2024 10:29 | Marko Marjanovi? Slavgrinder Ramps Up Into Overdrive Tue Nov 12, 2024 10:29 | Marko Marjanovi? ?Existential? Culling to Continue on Com... Mon Nov 11, 2024 10:28 | Marko Marjanovi? US to Deploy Military Contractors to Ukr... Sun Nov 10, 2024 02:37 | Field Empty
Human Rights in IrelandPromoting Human Rights in Ireland
Lockdown Skeptics
News Round-Up Tue Feb 04, 2025 01:08 | Richard Eldred
Eco-Anxiety Affects More Than Three Quarters of Children Under 12 Mon Feb 03, 2025 19:30 | Will Jones
Keir Starmer Denies Breaking Lockdown Rules as it Emerges he Took a Private Acting Lesson During Cov... Mon Feb 03, 2025 18:06 | Will Jones
Elon Musk Shuts Down US Government Foreign Aid Agency and Locks Out 600 Staffers Overnight After Tru... Mon Feb 03, 2025 15:41 | Will Jones
Food Firms Revolt Against Net Zero Over Australia?s Energy Crisis Mon Feb 03, 2025 13:00 | Sallust
Voltaire NetworkVoltaire, international editionVoltaire, International Newsletter N?118 Sat Feb 01, 2025 12:57 | en 80th anniversary of the liberation of the Auschwitz-Birkenau camp Sat Feb 01, 2025 12:16 | en Misinterpretations of US trends (1/2), by Thierry Meyssan Tue Jan 28, 2025 06:59 | en Voltaire, International Newsletter #117 Fri Jan 24, 2025 19:54 | en The United States bets its hegemony on the Fourth Industrial Revolution Fri Jan 24, 2025 19:26 | en |
‘Learscail bhoithre' na Palaistine lan castai is cor
national |
miscellaneous |
news report
Wednesday April 23, 2003 01:20 by NææUA
De réir ‘léarscáil bhóithre’ na síochána sa Mheánoirthear, beidh réiteach ar fhulaingt na bPalaistíneach le theacht na bliana 2005. Tá an plean, a foilsíodh gan cead SAM, an tseachtain seo, scartha ina trí rannóg: 1. Deireadh leis an fhoréigean, tarraingt siar na nIosraelach; 2. Stát sealadach Palaistíneach; 3. Cainteanna faoi thodhchaí Iarúsailéim, dídeanaithe agus lonnaíochtaí. Ach tá Iosrael cheana féin ar lorg 15 athrú ar an phlean lena chinntiú nach ndéanfar ionsaithe air amach anseo. Creideann na Palaistínigh nach bhfuil an stát Giúdach ach ag iarraidh an plean a scriosadh. Ag deireadh na seachtaine seo caite, dúirt Príomhaire Iosrael, Ariel Sharon, go mbeadh sé sásta roinnt de na lonnaíochtaí ar an Bhruach Thiar a bhaint as a chéile mar chuid den réiteach deiridh. Agus é ag caint ar áiteanna ar nós Shiloh agus Beit El, mhaígh an Príomhaire go mbeadh ar Iosrael iad a thabhairt ar ais don Phalaistín. Tá sé de chlú ar Sharon go bhfuil sé i gcoinne na síochána agus tá Palaistínigh agus Iosraelaigh liobrálacha araon ar aon intinn gurb é aidhm Sharon an Comhaontú a rinneadh in Osló a scriosadh. Ainneoin chaint Sharon ar ghéilleadh ag deireadh na seachtaine, tá Iosrael cheana ag leagan síos coinníollacha roimh chainteanna. Deir na hIosraelaigh nach nglacfaidh siad páirt i gcainteanna síochána go dtí go mbeidh stop leis na buamaí féinbháis. Agus tá géarchéim na ndídeanaithe chun a bheith ina bac. Tá 3.9 milliún Palaistíneach ina ndídeanaithe. Cuireadh amach as Iosrael iad agus deir Sharon nach mbeidh ceart fillte ar a seanbhailte acu. Tá 15 pointe déanta ag Iosrael i gcoinne an phlean nua. Tá na Palaistínigh anois ag brath ar dhea-thoil SAM le brú a chur ar Iosrael tarraingt siar agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróiseas síochána. Ach tá Washngton ag diúltú labhairt faoin phlean. Deir siad nach fiú trácht ar an ‘Léarscáil Bhóithre’ fós toisc nach bhfuil sí foilsithe go hoifigiúil. Tá siad ag rá nach bhfoilseofar í go dtí go mbeidh rialtas nua ceaptha ag Príomhaire nua na Palaistíne, Mahmoud Abbas. Tá Fatah, grúpa Yassar Arafat, ag cur i gcoinne roinnt de na ceapacháin atá á lorg ag an Uasal Abbas. Bhí dóchas aige go mbeadh baill uile an rialtais úir in áit aige an tseachtain seo ach tá an cinneadh deireanach curtha siar. Tá an gheallúint do na Palaistínigh mar chuid de straitéis cairéad-agus-slat – seo bronntanas don domhan Arabach ar acht nach dtabharfar tacaíocht d’eadarnaithe frith-iartharacha ná frith-Iosraelacha. Ainneoin an dóchas atá ag ceannairí Palaistíneacha go bhfuil rialtas George Bush ag meas fadhbanna s’acu, tá Washington ag díriú ar an tSiria. Cé go bhfuil an teorainn idir Iosrael agus an tSiria ciúin ó bhí 2000 ann, maireann an teannas idir an dá stát i gcónaí. Sa bhliain 2000, tharraing Iosrael amach as an Liobáin ach tá trúpaí na Siria ann fós. Deir SAM nach ligfidh sé don tSiria dídean a sholáthar do na ceannarí Iarácacha atá ar a dteitheadh. Ach tar éis seachtain fhada taidhleoireachta ag Uachtarán na Siria, Bashar Assad, mhaolaigh SAM ar an bhagairt ar Shiria nuair a dúirt an Rúnaí Stáit, Colin Powell, nach raibh plean ann túr ar bith eile a ionsaí.
|
View Comments Titles Only
save preference
Comments (2 of 2)
Jump To Comment: 2 1don té ar féidir leis "is cuma liom" a rá. Dá mbeifeá ina chónaí faoi chois na hIosraelach ní bheadh an deis sin agat.
Tá taobh amháin níos measa na an taobh eile, táim tinn tuirseach leo. Don deamhan leo go léir.