Músaem Cathrach na Gaillimhe - Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude
Tá leabhar nua filíochta Gaeilge le seoladh ar an Satharn (3pm) an 5ú lá
Nollaig i Músaem Cathrach na Gaillimhe.
Togra le hIonad Scríbhneoirí Chaitlín Maude a bhuaigh comórtas Bus Éireann/Foras na Gaeilge atá sa leabhar. Saothar thriúr atá le fáil ar pár ann, Seosamh ó Guairim, Colette Nic Aodha agus Ailbhe Ni Ghearbhuigh.Tá an leabhar speisialta seo urraithe ag Bus Éireann/Foras na Gaeilge. Sabine Springer a dhear an leabhar. Súil agam gur féidir leat bheith linn ar an lá.