Election 007 - Your language, Your Vote
Tionólfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Comhdháil Lae san Óstán Alexander, Baile Átha Cliath 2, ar an 27 Feabhra 2007 chun éilimh phobal na Gaeilge a chloisteáil agus a chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla.
Beidh cúrsaí oideachais lárnach don phlé ag an gComhdháil Lae, An Ghaeilge agus do Vóta, a bheidh ar siúl in Óstán Alexander, Baile Átha Cliath 2 Dé Máirt seo chugainn, 27 Feabhra 2007. Arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is deis ar leith í seo éilimh phobal na Gaeilge a chloisteáil agus a chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta.
Pléifear réimse leathan ábhair ar an lá, ina measc Stádas Ghaeilge, An Ghaeilge sa Phobal, cúrsaí Óige agus an Acht Ghaeilge do Tuaisceart Éireann.
Ag am lóin (12.30), tógfaidh Páidí Ó Lionaird, TG4, an cathaoir do 'Seisiún na bPolaiteoirí' ina mbeidh ionadaithe ó na páirtithe polaitíochta éagsúla. Tá sé deimhnithe ag an Aire Ó Cuív T.D. Fianna Fáil; Trevor Sargent T.D. An Comhaontas Glas; Donncha Mac Fhionnlaoich T.D. Fine Gael; Brian O'Shea T.D. Páirtí an Lucht Oibre; Aengus Ó Snodaigh T.D. Sinn Féin; Joe Higgins T.D. An Páirtí Sóisialach agus an Comhairleoir Cáit Keane, An Páirtí Daonlathach go mbeidh siad i láthair thar ceann a bpáirtithe. Cuirfear lón éadrom ar fáil ag 12 nóin rud a chiallaíonn go mbeimid in ann freastal orthu siúd nach féidir leo lá iomlán a chaitheamh ag an gComhdháil.
Tugadh cuireadh don phobal a gcuid moltaí a chur ag aghaidh roimh ré chuig Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge trí ríomhphost (mailto:[email protected]), glaonna fóin (01 679 4780), nó trí http://gaelport.blogspot.com/.
Clár an Lae: http://www.gaelport.com/index.php?page=news&id=459&view...=date
Beidh an Chomhdháil Lae, 'An Ghaeilge agus do Vóta' ar siúl ar an 27 Feabhra 2007 in Óstán Alexander, Baile Átha Cliath 2 ó 09.45 - 16.00.
Tuilleadh eolais:
Sinéad Ni Mhaoilmhichil,
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
01 679 4780
mailto:[email protected]
http://www.gaelport.com/
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Tá 23 balleagraíocht sa Chomhdháil. Is eagraíocht neamh-brabach, deonach, neamh-rialtas í an Chomhdháil. Bunaíodh i 1943, tá an Chomhdháil luaite i gComhaontas Aoine an Chéasta agus le déanaí, i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge.