Gaeilge
Seirbhísí i nGaeilge
Fuair mé an teachtaireacht seo ó Chomhdáil Náísiúnta na Gaeilge- www.gaelport.com
Tá a nuachtlitir go h-iontach. Faigh e. Ta sé saor in aisce agus lé fáil i nGaeilge amháin, Béarla amháin, nó dátheangach.
____________________________________________________________________________
"Tá cúpla comhlacht poiblí tar éis fógraí a chur sna nuachtáin cheana
féin ag cur in iúl go bhfuil a scéimeanna faoin Acht Teanga ullmhaithe
acu. Tá cúpla comhlacht eile ag lorg aighneachtaí dá scéimeanna siúd.
Cuirfear an t-eolas ar fad ar Gaelport.com. Bígí ag faire amach do na
fógraí seo.
Ar ndóigh ní gá go bhfanfadh daoine ar na fógraí seo ar fad le leas a
bhaint as seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge cheana féin ón Stát agus ó
chomhlachtaí eile.
Mar shampla má tá cáin ar do charr á athnuachan agat is féidir an gnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge ar líne agus beidh do dhiosca agat taobh istigh de chúpla lá.
Is féidir do bhille leictreachais nó gáis nó fóin a fháil i nGaeilge. Tá tú ag íoc as, mar sin bain leas as. Ná bíodh na comhlachtaí ag rá nach bhfuil éinne ag lorg na seirbhísí seo. D'fhéadfaí a rá nach lorgaíonn éinne iad i mBéarla ach go bhfaigheann siad iad. Is fúinne an cultúr neamh-thuisceanach seo ag cuid de na comhlachtaí a athrú.
Ná bímis ag fanacht don chéad mhí eile. Cuirimis tús leis láithreach!
Thug feidhmeannach sa Chomhdháil faoi seirbhís a fháil i nGaeilge le
déanaí. Seo mar a d'éirigh léi:
Bord Soláthar Leictreachais (BSL):
Ní gá ach scairt a chuir orthu agus roghnaigh Cuntais (Uimh. 4) agus labhair le hoibreoir fóin. Ní raibh m'uimhir chuntais agam fiú agus bhí siad sásta é a dhéanamh le seoladh baile. Déanaigí anois é!
1850 372 372
../mailto:[email protected]
www.esb.ie
Bord Gáis:
Cuir scairt ar 1850 456 200. Roghnaigh Customer Service Enquiries (Uimh. 5). Cé go raibh iontas ar an oibreoir a d'fhreagair an fón, laistigh de 30 soicind ní raibh deacracht ar bith aige é a shocrú dom. Ní fhéadfadh sé bheith níos éasca!
1850 456 200
www.bordgais.ie/energysupply/gas_at_home/
Eircom
Bí cinnte go bhfuil d'uimhir chuntais agat (ar bharr do bhille) mar ní féidir leo do shainsocruithe a athrú gan é. Cuir scairt ar 1901 agus tá oibreoirí fóin ar fáil go dtí 10 i.n. gach oíche chun cabhrú leat.
1901
www.eircom.ie"