North Korea Increases Aid to Russia, Mos... Tue Nov 19, 2024 12:29 | Marko Marjanovi?
Trump Assembles a War Cabinet Sat Nov 16, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?
Slavgrinder Ramps Up Into Overdrive Tue Nov 12, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?
?Existential? Culling to Continue on Com... Mon Nov 11, 2024 10:28 | Marko Marjanovi?
US to Deploy Military Contractors to Ukr... Sun Nov 10, 2024 02:37 | Field Empty Anti-Empire >>
A bird's eye view of the vineyard
Alternative Copy of thesaker.is site is available Thu May 25, 2023 14:38 | Ice-Saker-V6bKu3nz Alternative site: https://thesaker.si/saker-a... Site was created using the downloads provided Regards Herb
The Saker blog is now frozen Tue Feb 28, 2023 23:55 | The Saker Dear friends As I have previously announced, we are now “freezing” the blog.? We are also making archives of the blog available for free download in various formats (see below).?
What do you make of the Russia and China Partnership? Tue Feb 28, 2023 16:26 | The Saker by Mr. Allen for the Saker blog Over the last few years, we hear leaders from both Russia and China pronouncing that they have formed a relationship where there are
Moveable Feast Cafe 2023/02/27 ? Open Thread Mon Feb 27, 2023 19:00 | cafe-uploader 2023/02/27 19:00:02Welcome to the ‘Moveable Feast Cafe’. The ‘Moveable Feast’ is an open thread where readers can post wide ranging observations, articles, rants, off topic and have animate discussions of
The stage is set for Hybrid World War III Mon Feb 27, 2023 15:50 | The Saker Pepe Escobar for the Saker blog A powerful feeling rhythms your skin and drums up your soul as you?re immersed in a long walk under persistent snow flurries, pinpointed by The Saker >>
Interested in maladministration. Estd. 2005
RTEs Sarah McInerney ? Fianna Fail?supporter? Anthony
Joe Duffy is dishonest and untrustworthy Anthony
Robert Watt complaint: Time for decision by SIPO Anthony
RTE in breach of its own editorial principles Anthony
Waiting for SIPO Anthony Public Inquiry >>
Voltaire, international edition
Voltaire, International Newsletter #117 Fri Jan 24, 2025 19:54 | en
The United States bets its hegemony on the Fourth Industrial Revolution Fri Jan 24, 2025 19:26 | en
For Thierry Meyssan, the Sarkozy trial for illegal financing of the 2007 preside... Fri Jan 24, 2025 19:23 | en
Should we condemn or not the glorification of Nazism?, by Thierry Meyssan Wed Jan 22, 2025 14:05 | en
Voltaire, International Newsletter N?116 Sat Jan 18, 2025 06:46 | en Voltaire Network >>
|
Druideadh Páipéar Nuachtán Bascach eile?
international |
miscellaneous |
news report
Friday July 04, 2003 11:31 by Seán
An seachtain céanna inár sheoladh an nuachtán nua Bascaise, Berria, cúpla mí tar éis druideadh Egunkaria, bhí stát na Spáinne, tríd an Bord Leasa Sóisialta ag fearadh cogadh ar nuachtán eile Bascach. An seachtain céanna inár sheoladh an nuachtán nua Bascaise, Berria, cúpla mí tar éis druideadh Egunkaria, bhí stát na Spáinne, tríd an Bord Leasa Sóisialta ag fearadh cogadh ar nuachtán eile Bascach. An uair seo ba é an nuachtán laethúil dá-theangach GARA a bhí na fórsaí Spáinneach dírithe air.
D’ordaigh Státchiste Ginerálta an Leasa Shóisialta Spáinnise ar Baigorri, an comhlacht dar leis an nuachtán laethúil Bascach GARA agus KIE, an comhlacht a phriontálann an nuachtán, go gcaithfear fiacha de €5,1m, fiacha de chuid nuachtán eile, EGIN, a druideadh i 1998 ag an Breitheamh Garzón, a íoc leo.
Lean an bhreithimh céanna le páirtí polaitiúla (Herri Batasuna, EH, Batasuna), eagraíochtaí óige (Jarrai, Haika, Segi), foras Bascach (Udalbitza), Ardáin Féinchothaíochta toghchána (AUB-Autodeterminaziorako Bilgunea) a mídhleathú, chomh le Egunkaria, an t-aon nuachtán Bascais, a dhruideadh.
Creideann Kepa Landa, gur í “príomhchúspóir an ordú ná druideadh an dá chomhlacht agus mar sin de, deireadh a chur leis an nuachtán laethúil Bascach GARA agus chan mar ar mhaithe leo go creidtear, chun fiacha an Bord Leasa Shóisialta a chomhlíonadh”.
Deir an GTSS (litrithe Spáinnise) go bhfuil comharbais chomhlachta ann idir an Grúpa Orain a d’fhoilsigh EGIN, agus Baigorri agus KIE a fhoilsíonn GARA (nó go bunúsach gur an chomhlacht chéanna iad). Leis sin san áireamh, táthar ag iarraidh ar Baigorri agus KIE fiacha EGIN, atá i ndiaidh a dhúbalú ó dhruideadh an chomhlacht i 1998.
I ndiaidh d’ionadaí dhlí an dá chomhlacht an t-ordú ón GTSS a anailísiú, maíonn sé nach raibh “aon bunús dlíthiúil ná loighciúil, i dtaca le dlí-eolaíocht agus na dlíthe a bhaineann le comharbais chomhlachta de, leis an ordú seo”.
“Tá sé soiléir go bhfuil inspreagadh polaitiúl ag baint leis an cinneadh seo”, a d’admhaigh, an tUas. Landa. Lean sé gur, “iarracht atá ann a fháil réidh leis an nuachtán laethúil”.
Tugtar go dtí an 5ú de mhí Iúil don dá chomhlacht na fiacha de €5,1m a íoc. Tar éis an dáta sin tosaítear ‘brú’ a chur ar an chomhlacht, mar a mhíníonn an tUas Landa,
“I ndiaidh an dáta sin tá an deis ag an Leasa Sóisialta méid na bhfiacha a thógáil ó socmhainní an dá chomhlacht, cé go bhfuil achomharcadh in aghaidh na cinnidh ar siúl againn. In ainneoin gur go sealadach a bheadh sé seo, chun aon fiacha teoiriciúil a chomhlíonadh, chiallfadh sé an fhorghabh de shocmhainní an dá chomhlacht, maoin ar dtús báire agus ansin cuntais bainc agus socmhainní eile.”
Tá foireann de chomhairleoirí dhlí an dá chomhlacht ag obair go dian le nach dtarlódh seo. Tá tús curtha le achomharc in gcoinne na cinnidh agus maíonn go bhfuil go leor fáthanna go n-éireodh leo san achomhairc seo.
“Má fheiceann muid ar an tréimhse atá tar éis a dhul thart, cúig bliana atá ann ón dáta a tharla an comharbais chomhlachta líomhanta seo, níor chóir gur spreagadh í seo chun brú eacnamaíochta láithreach a chur ar an dá chomhlacht tríd a gcuid socmhainní a ghabhadh. Ba chóir go nglacfar béim an bhrú seo ar chomhlachtaí dlíthiúil eile san áireamh chomh maith”, a mhíníonn an tUas Landa.
Ar bharr sin feictear go bhfuil fadhbanna leis an phróiseas achomhairc ó tharla go bhféidir socmhainní na gcomhlachta a ghabhadh fiú i rith cás achomhairc, agus cé go dtugtar na socmhainní má bhíonn bua ag na comhlachtaí bheadh an damaiste dodheisithe.
Tá píosa eolas tábhachtach eile bainte leis an chás seo nach bhfuil luaite in ordú an Bord Leasa Shóisialta.
‘Sé sin go raibh cúig bliana ag an Bord Leasa Shóisialta chun socmhainní an Grúpa Orain (atá fagtha mar a bhí siad agus iad ag baileadh deannach) a ghabhadh.
Thiocfadh leo na socmhainní seo a ghabhadh in aon am agus ní dhearna siad sin. I dtéarmaí airgeadas de, ní dhéanann sé ciall €5,1m a éileamh ó na comhlachtaí seo nuair ar féidir leo mórchuid de na fiacha a chomhlíonadh tríd socmhainní an Grúpa Orain a ghabhadh.
De réir, an tUas. Landa, “Is é an cheist ar chóir a chur ná cén fáth nach raibh suim acu socmhainní an Grúpa Orain a ghabhadh?” Leanann sé, “agus anois táthar ag dul i ndiaidh comhlachtaí eile nach bhfuil baint dá laghad acu leis na socmhainní sin”.
Ó thaobh dearcadh an phobail Bascach de, léirigh an tUas Landa, “chomh maith leis an eagla a mhothaíonn daoine, tá iontas orthu faoin leithscéal atá a thabhairt, an leithscéal de chomharbais comhlachta, go h-áirithe nuair atá a fhios ag cibé duine agus fiú an buneolas dlí acu, nach dtiocfadh i ndóigh ar bith, i dtéarmaí dlí de, le comharbais chomhlachta bheith ann”. Lean sé, “Tá sé dodhéanta gur tharla comharbais chomhlachta nuair nár aistrítear úinéireacht nó socmhainní na comhlachtaí.”
Is cosúil go bhfuil dearmad déanta ag an Bord Leasa Shóisialta go marthain comhlachtaí an Grúpa Orain agus nár athchuirtear leo. Lena chois sin, “tá na comhlachtaí céanna faoi chúram breitheamh agus dlí. Muna aistrítear eilimintí oibiachtúil nó suibiachtúil den chomhlacht, cad go díreach a d’aistrítear agus leis sin, cá bhfuil an comharbas?”, a d’fhiafraigh an tUas Landa.
Ach críochnaíonn an tUas Landa go deimhneach nó dá réir, “má tá oiread agus an méid is lú meas ag na cúirte ar a dlí-eolaíocht agus dlíthe féin ní féidir leo ach rialú ar ár son.”
|
View Comments Titles Only
save preference
Comments (8 of 8)
Jump To Comment: 1 2 3 4 5 6 7 8Another Facet of Basque Expression to Be Dismantled?
That’s right they’re at it again. Not content with the long list of previous repression (which I’ll come to) they’ve decided Basques do not have a right to expression via the Basque media.
The Spanish state through its Social Welfare’s General Treasury has ordered Baigorri and KIE, respectively, the companies that own and print the Basque daily newspaper Gara, to pay €5.1m in unpaid contributions allegedly owed to them from another Basque newspaper Egin.
The infamous Judge Baltasar Garzón closed EGIN in 1998 under a judicial order.
The same judge went on to ban political parties (Herri Batasuna, EH, Batasuna and is attempting to ban the recently formed Sozialista-Abertzaleak (Independentist-Socialist)), Basque youth organisations (Jarrai, Haika, and Segi), Electoral Platforms (AUB-Autodeterminaziorako Bilgunea (Forum for Selfdetermination) aswell as a number of local independist electoral platforms, a Basque institution, Udalbitza, which mainly focused on organising cultural and international solidarity conferences, funding Basque language projects and issuing Basque national identity cards.
Earlier this year he also ordered close of the only Basque language newspaper Egunkaria, and now it seems that Garzón has a word in the ear to those at the General Treasury of the Spanish Social Welfare.
“It almost seems as though he believes that he’s be sent by God to rid the world of anything resembling the Basque expression of identity, be it political, economic, or cultural”, stated one angry reader.
Maybe not so ironically the move by the Spanish Social Welfare, comes almost to the same day that the new Basque language newspaper berria was launched.
The reason given by the Spanish GTSW is that there has been a succession of companies between the Orain Group (that owned the closed newspaper Egin) and Baigorri and KIE and they are therefore, demanding the payment of €5,1m, a debt that has almost doubled since the closure of Egin in 1998.
After examining the order by the Spanish GTSS, Kepa Landa, Baigorri and KIE’s legal representative, is in no doubt that the move has no logical legal standing with regard to existing laws and jurisprudence on company succession. He also affirms, “Its evident that this move is politically motivated and is an attempt do away with the daily newspaper”.
The order states the 5th of July as the final voluntary date for Baigorri and KIE to pay the €5.1m. As of that day the GTSS has the opportunity to place an embargo on both companies, and recover the alleged debt by seizing the assets of both companies to the tune of the €5.1m, even though the companies’ appeal will be in progress.
Although this embargo and seizing of assets would be provisional, it would undoubtedly mean the closure of both companies, and the end of the Basque daily newspaper Gara. Its affects would not end there, as it would almost certainly directly destroy over 150 workers’ jobs (the amount that both companies employ) and would have a disastrous affect on the people and the companies that depend on Gara’s business. This is not to mention the loss to the readership which consists of around 150,000, who count on Gara as an alternative to the rightwing Spanish newspapers of El Correo and El Mundo that have flooded the Basque market.
There are many reasons why this move should surprise anyone with no knowledge of the current situation in the Basque. Firstly the Social Security Agency has had practically five years to seize the Orain Group’s (the Group that owned Egin) assets (which are still where they were left, gathering dust).
These assets are at their disposal, and they have not seized them to pay the debt, even though this would mean that a very large percentage of that debt could be recovered.
Secondly Fogasa, the state body responsible for the Minimum Wage Guarantee, has already informed Judge Garzón, at his own request, that not only was it not going to act against Baigorri and KIE, but that in addition it indicated to him that there had been no succession of companies. The experts at Fogasa have said this explicitly.
Thirdly there could hardly have been a company succession when the workers of the companies that published Egin were put through a process of contract extinction that the judicial administrator himself proceeded over. “Therefore what responsibility does a new company have that employs a number unemployed workers and that was set up with new capital?” asks Mr. Landa.
Finally the Social Security Agency’s order also refers to the alleged succession of “an ideological group” which makes reference to Garzón’s July 2000 judicial decree. When asked about this Mr. Landa pointed out, “Ideological succession does not exist because ideology is neither part of subjective nor objective aspects of a company.” He continues, “Baltasar Garzón’s judicial decree tries to find a justification where one does not exist, to take out of context a few sentences from a certain ruling and attempts to apply it to this situation.”
He concludes, “But the idea is absurd because the very rulings quoted by Garzón lead to the complete opposite conclusion. They conclude that there is no such company succession.”
The 5th of July will tell how far the situation in the Basque country has worsened. The question must also be asked how long must the Basques (like the Palestinians) suffer until the international community intervenes.
Aurrera Euskal Herria
Beir bua an phobal Bascach.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
=Conflict is preferable to loneliness.
Seán Ó Baoill , 3 Iúil 2003
Tá sé níos soiléire ar an clár plé seo, seachas i meán ar bith eile, an scoilt tubaisteach atá tagtha idir Mheiriceá agus an chuid eile den domhain. Is cinnte gurbh í an chúis le seo ná an slí a d'imigh Meiriceá, leí féin, ag útramáil i ngnóthaí an Mheánoirthear. Feictear Bush mar thógálaí impireachta nach bhfuil suim aige nó réitiú aige ar fhadhbanna a thír fhéin - fadhbanna mar an chiníochas, an bhochtanas, tithíochta, oideachais agus mar sin de. An dtiocfaidh an lá, choíche, go dtuigfidh pholaiteoirí Shasana agus Meiriceá ná leo an chuid eile den domhain! Níl daoine ar an chlár seo frith-mheiriceánach ach tá siad frith-Bush agus frith-Blair!
answered "Z" : 's fth-caca
then: Gerard O Laoi
Measaim féin go mbeadh sé ar chomhnáire Saddam a fhágaint i gceannas agus gan iarracht a dhéanamh ar Hitler a scriosadh. Deabhal ceart a bhí i Saddam agus deabhail chearta chomh maith a bheirt mhac.
Scéal amháin i dtaobh mac amháin Uday, rud a dhein sé lá.
Do thug fé ndear bean álainn a bhí nua-phósta agus rug greim uirthi agus do thug isteach i seomra codlata i dtigh ósta agus d'éignigh í. Bhí sise chomh cortha leis an iompar seo gur léim sí amach an fhuinneog chun a báis. Ansan a fear chéile bocht do chuir sé a thuairimí féin gcoir seo in iúl de, agus do cuireadh é chun báis trína theanga a ghearradh amach agus é a cheangailt le polla leictreach.
Anois, abair liom.
Cé a chosnódh a leithéid de dheabhal a fhágaint i gceannas????
Ní déarfainn go mbead bodhar ag na freagraí.
ohhh! aint they political.
Fear Feasa replied.
A Ghearóid, a chara,
Níl aoinne ag rá nár scabhtaeir den scoth Saddam agus a mhuintir dhreancaideach. B'ea. Ach séard a tharla ná gur mhaslaigh na Stáit Aontaithe na Náisiúin Aontaithe agus gur náirigh siad Hans Blix agus na cigirí airm os comhair an domhain. D'úsáid siad UNMOVIC chun an Iaráic a lagú sarar ionraidh siad isteach iad féin. Thug siad neamart glan do choiste slándála na Náisiún Aontaithe agus ar shocraigh an coiste sin roimhré.
"Novus Ordo" atá cruthaithe ag Meiriceá (féach an dollar, as ucht Dé!). Tá sé ráite go soiléir acu nach bhfuil meas mada acu ar na N.A. níos mó agus go ndéanfaidh siad a rogha rud gan aird a thabhairt ar aoinne. Ionróidh siad isteach ina rogha tír agus maróidh siad éinne atá sa bhealach.
Ba chuma liom, b'fhéidir, dá mba duine éirimiúil uachtarán na Stát, ach dúramán ceart é an duine seo a cheannaigh a oifig agus atá go doimhin i bpócaí na nIosraelach. Ní duine olc é, ach i nDomhnach is daoine olca iad na scátha ceannasacha anaithnide laistiar dó atá ag láimhseáil na sreangán.
Le leithéad an "Patriot Act" i Meiriceá tá cruthaithe ag S.A.M. gur cuma leo faoi shaoirseacht a saoránach féin ach oiread. Ollstát atá againn seachas tír, ag slogadh gach atá sa bhealach agus ag scriosadh gach eile timpeall air. Tá sé in am dúinn sinn féin a chosaint ar na S.A.M. sara milleann siad an domhain uilig.
Cabaire:
Tá's againn nár eitigh páipéar dúch riamh. Nílim á rá nach fíor do scéal ach cá bhfios duit féin gur fíor? Cén taobh ónar tháinig an scéal? Ó fhórsaí Mheiriceá / Shasana? An bhféadfadh sé a bheith ar aon dul leis na hairm ollscriosta -- taobh istigh de 45 nóiméad?
Tíoránach de chuid na meán-aoiseanna ab ea Saddam -- b'fhuath liom a leithéid agus níl trua ar bith agam dó -- ach is iomaí duine eile dá leithéid atá i gcumhacht fós -- Burma, an Congó, srl. srl. Tá neart fóirithinte le déanamh fós ag SAM agus Sasana sula mbeidh an salachar uilig glanta acu. Ní bhacfaidh siad le tír ar bith nach bhfuil buntáiste eacnamúil le baint as ar ndóigh nó i gcás na hIaráice buntáiste straitéise: cúltaca na bPailistíneach a lagú. An baol atá ann go gcruthófar oiread eile fadhbanna do dhaoine bochta. Ansin chaithfidis díriú orthu féin chomh maith. Níl sé éasca.
Ní gá bheith ag caint faoi Uday. Cad faoi shaighdiúirí na Breataine a chuaigh ar traenáil go Kenya agus a chuaigh thart ina bpacaí seilge ag éigniú ban. Tá na céadta mná ag éileamh a gceart anois faoin dlí. Is cosúil go ndearna na hoifigigh Bhreataineacha neamhaird dá ngearáin thar na blianta. Ní gá dul chomh fada leis an Iaráic in aon chor le diabhlaíocht ghránna a aimsiú.
Caoimhin came back to his "stor" Cabaire.
Chabaire chóir,
Dhá mbeadh glan na fírinne i do mhaoimh nach dtóigeann Meiriceá a láimh ach le lán ár nglaic den airgead a fháil, cén tairbhe a bhí agus atá le baint as na milliúin a chaith íocóirí cánach na Stát san iar-Iúgsláiv? Agus pobal an Aontais Eorpaigh ar an taobhlíne gan a ladhaircín fhéin a árdú. Agus cúis na Somaile? Cé eile a thóig a láimh le cónamh a thabhairt do phobal a bhí ag fáil bháis le dian-ghorta? Agus cás seo Liberia? Bhí duine eicínt ag rá go bhfuil muid ag iarraidh greim a fháil ar thír eile? Agus céard faoi na daoine bochta atá ina n-íobartaí ag an gcogadh cathartha atá ar bun ann? Cáintear sin agus is cuma ann nó as muid. Sin a chaoi anois, an dtuigeann tú.
[these people dont like indymedia they call it "eejitmedia" they dont like "marxists".
I feel tempted to teach them a lesson, ná lig mé i gcothú]
Seamus Poncón is a bit of a cyber dude on the tekno gailgoir circuit:
so like meself he takes up space.
Bímis ag caint faoin Aifreac.
(faoi Mheiriceá:)
“They should act when they are right to act because the Security Council can be wrong. It was wrong in Rwanda... You might avoid war and have a worse situation... That is why I was giving a comparison with our case. People avoided a war or doing very much and it ended up with a genocide.”
-- President Paul Kagame, March 8, 2003
1.
Bíonn tú i gcónaí ag lorg fadhbanna, agus ag amharc ar dhroch-thaobh de gach scéal. Tá tú claonta gan críoch.
2.
'Sé an fhadhb is mó agaibh go gceapann sibh gurb é an saol iomlán an saol ina mhaireann sibh (an clár plé seo, mar a deir tusa).
lovely line that.
oh and they do go on the tekno gailgoir tweedies.
but they sweet tiddly eye squit there in that forum about the Basques.
Go ndéana an diabhal dréimire as cnámha do dhroim ar Ifreann, a Iosaf an ráiméis.
Faílte romhat. Tá an gailge agat gan amhras.
:-)
is cad a ceapain tú ar na Bascanna?
N'fheadar, is cuma liom.
BASCAIGH NEAMHBHASCAITHE
Dhún Rialtas na Spáinne, an t-aon nuachtán Bascaise i dTír na mBascach, cúpla mí ó shin.
Gabhadh deichniúr den fhoireann, idir
eagarthóir, bainisteoirí agus iriseoirí, agus rinneadh iad a chiapadh ag péas armtha. Rinne duine d'iar Eagarthóirí an nuachtáin, Peio
Zubira, iarracht lámh a chur ina bhás féin, tar éis cúig lá i ngéibheann ag an Guardia Civil.
Scaoileadh saor Eagarthóir an
nuachtáin, Martxelo Otamendi,agus shéan sé líomhaintí na nÚdaráis.
Na Líomhaintí:
Deir Rialtas na Spáinne go leanann Egunkaria ordaithe ETA, atá ag
troid le haghaidh neamhspleáchas do Thír na mBascach. Dar leis an
Bhreitheamh Juan del Olmo, ón Bhinse Fiosraithe Náisiúnta i
Maidrid go léiríonn cáipéisí rúnda de chuid ETA, atá ina seilbh, gurb
iad ETA a rinne airgeadú ar EGUNKARIA ón chéad lá, trí bliana
déag ó shin. Deir sé fosta gur leag ETA síos polasaí eagarthóireachta
an nuachtáin, agus go raibh na h-iriseoirí a gabhadh luaite sna
cáipéisí de chuid ETA, a tógadh ó bhaill den ghrúp armtha ar
beireadh orthu idir 1990 agus 1993. Tháinig an t-airgead a
infheistíodh in EGUNAKARIA ó fhuadach fir gnó, agus dúmhál ar
lucht gnó, dar le del Olmo.
Deir Otamkendi go raibh ainm s'aigesan luaite i gcuid cáipéisí
ETA, mar gur plé pháipéir a bhí iontu maidir leis an seasamh
polaitiúil a bhí ag Iriseoirí éagsúla. D'fhoilsigh Otamendi
eagarfhocal in EGUNKARIA, cúpla lá sula dearn na péas ruathar
ar a gcuid oifigí, a rinne
caineadh ar ETA as ucht polaiteoir de chuid an Phairtí Sóisialach a
mharú. Scríobh an t-iarEagarthóir, Peio Zubira altanna fosta a
rinne ionsaí ar ETA, agus eite pholaitiúil s'acu BATASUNA.
Idir an dá linn, tá na mílte tagtha amach ar na sráideanna ag
cáineadh an t-ionsaí seo ar an nuachtán agus ar theanga ársa na
mBascach. Tá nuachtán úr foilsithe ag foireann EGUNKARIA -
Egunero - agus tá tacaíocht geallta ag an rialtas Bascach dóibh.
Tá a fhios ag ETA, agus a gceannairí polaitiúla, dar ndóigh, nach
ndéanfaidh an ghníomh mídhaonlathach seo de chuid na Spáinne,
dochar ar bith dóibhsean. Léiríonn stair brónach na tíre sin, chomh
maith le tír s'againne, go bhfásann tacaíocht na radacaithe gach
uair go n-ionsaítear an phobal as a dtáinig siad. Tá ceacht ansin,
chan amháin d'Aznar, ach do Bush is Blair, agus iad ag brú ar
aghaidh chun cogaíochta in éadan pobal na hIaráice.
Tá nuachtán úr Bascaise, BERRIA, a fhoilsiú anois.
Foilseofar agallamh leis an Eagarthóir san iris IMLEACÁN gan mhoill.
© www.craiceailte.com 2003